Terms & Conditions
Téarmaí & Coinníollacha

In consideration of the Department of Further & Higher Education Research, Innovation & Science (DFHERIS), granting approval to you to transmit electronic information required for your application to be considered, it is agreed that access to this website is governed by the terms and conditions set out below. These terms and conditions are important and are for the protection of both you and the Department. Please take the time to read them carefully. By proceeding further you will be deemed to have accepted them.

  1. General Terms And Conditions:
    1. This website is established in Ireland in accordance with the laws of the Republic of Ireland and will be governed by the laws of that country. When you use the site, you accept that your use of the site and any information on the site, will also be governed by the laws of Ireland and if any dispute arises from your use of the site or any of the information on it, you agree to allow such dispute to be heard in the Irish courts.
    2. A person who furnishes information to the scheme administrator, inquiry officer, applications officer or the awarding authority, which is false or misleading, knowing it to be false or misleading in a material respect or being reckless as to whether it is so false or misleading, may be guilty of an offence.
    3. The DES, subject to existing contractual agreements with third party contractors , retains all rights (including but not limited to, copyrights, patents, trade secrets and any other intellectual property rights) in all information contained on or submitted to this website.
    4. sab.ie may only be used by the scheme administrator, employees of the DES, customers & agents acting on behalf of DES, or such third parties as empowered by DES solely for the purpose of transacting business with DES.
    5. DES reserves the right to make changes to the information, design and services provided in the sab.ie website without notice and without liability. Every effort will be made to advise customers of changes in advance.
    6. DES reserves the right to add, amend or vary the terms of this agreement by publishing notice of such changes on the sab.ie website and the continued use of the service will signify your acceptance of the changes.
    7. DES strongly recommends that all information and documentation pertaining to an application be submitted electronically via the secure website (sab.ie) or sent as a hard copy by registered post. In the event that the applicant or his/her representatives elect to submit information or documentation by any other method, this is done so entirely at the senders own risk and no responsibility shall attach to DES, the Online Bursaries & Scholarships, CDETB (SUSI), other awarding authorities or any of their staff and agents for receipt, security, integrity or safety of such items.
    8. In the event of you transmitting material using sab.ie, DES accepts no responsibility for the accuracy, veracity and completeness of same and for any errors in the manner of its input.
    9. DES is providing a service in sab.ie which facilitates the transfer to DES on behalf of the SAB, of data prepared by products not provided by DES. The provision of this service does not
      • - imply approval of such products by DES
      • - imply a preference of such products over any other similar product which does not provide the functionality to upload data to DES
      • - imply any liability on DES's part for the accuracy, veracity and completeness of data prepared by these products, for any errors arising from the use of these products or for any damage arising from the use of these products.
    10. The customer will, at the customer's own expense, provide and maintain facilities suitable for gaining access to our services (as communicated by sab.ie to the customer from time to time).
Mar chúiteamh ar an gcead a thugann an Roinn Oideachais (RO) duit faisnéis leictreonach a tharchur a theastaíonn chun d’iarratas a mheas, comhaontaítear go bhfuil rochtain ar an suíomh gréasáin seo faoi rialú ag na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach thíos. Tá na téarmaí agus na coinníollacha seo tábhachtach agus tá siad ann chun tú féin agus an Roinn a chosaint. Tóg an t-am chun iad a léamh go cúramach. Trí dhul ar aghaidh tuilleadh measfar gur ghlac tú leo.

1. Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta:
1. Tá an suíomh gréasáin seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht na hÉireann agus beidh sé á rialú ag dlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go n-úsáideann tú an láithreán agus aon fhaisnéis ar an láithreán faoi rialú ag dlíthe na hÉireann agus má éiríonn aon díospóid as an úsáid a bhaineann tú as an láithreán nó as aon chuid den fhaisnéis atá air, toilíonn tú go n-éistfear aighneas den sórt sin i gcúirteanna na hÉireann.
2. Duine a thugann faisnéis do riarthóir na scéime, don oifigeach fiosrúcháin, don oifigeach iarratais nó don údarás dámhachtana, atá bréagach nó míthreorach, agus a bhfuil a fhios aige go bhfuil sí bréagach nó míthreorach ar bhealach ábhartha nó atá meargánta i dtaobh í a bheith bréagach nó míthreorach mar seo, féadfaidh sé a bheith ciontach i gcion.
3. Faoi réir comhaontuithe conarthacha atá ann cheana le conraitheoirí tríú páirtí, coinníonn an RO gach ceart (lena n-áirítear cóipchearta, paitinní, rúin trádála agus aon chearta maoine intleachtúla eile ach gan a bheith teoranta dóibh) i ngach faisnéis atá ar an láithreán gréasáin seo nó a chuirtear isteach air.
4. Is ag riarthóir na scéime, fostaithe na RO, custaiméirí & gníomhairí atá ag gníomhú thar ceann na RO, nó cibé tríú páirtithe a chumhachtaíonn an RO amháin atá cead sab.ie a úsáid chun gnó a dhéanamh leis an RO.
5. Coimeádann an RO an ceart aici féin athruithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis, an dearadh agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil ar an suíomh gréasáin sab.ie gan fógra agus gan dliteanas. Déanfar gach iarracht chun custaiméirí a chur ar an eolas faoi athruithe roimh ré.
6. Coimeádann an RO an ceart aici féin téarmaí a chur leis an gcomhaontaithe seo, iad a leasú nó a athrú trí fhógra faoi athruithe den sórt sin a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin sab.ie agus léireoidh úsáid leanúnach na seirbhíse go nglacann tú leis na hathruithe.
7. Molann an RO go láidir go gcuirfí gach faisnéis agus doiciméad a bhaineann le hiarratas isteach go leictreonach tríd an suíomh gréasáin slán (sab.ie) nó a sheoladh mar chóip chrua trí phost cláraithe. Sa chás go roghnaíonn an t-iarratasóir nó a (h) ionadaithe faisnéis nó doiciméad a chur isteach ar aon mhodh eile, déantar é sin go hiomlán ar phriacal an seoltóra féin agus ní bheidh aon fhreagracht ag baint leis an RO, na Sparánachtaí & Scoláireachtaí Ar Líne, BOOCBhÁC (SUSI), údaráis dámhachtana eile nó le haon duine dá bhfoireann agus dá ngníomhairí maidir le hearraí den sórt sin a fháil, maidir lena slándáil, a sláine nó a sábháilteacht.
8. Sa chás go dtarchuireann tú ábhar ag baint úsáide as sab.ie, ní ghlacann an RO aon fhreagracht as cruinneas, fírinneacht agus iomláine an chéanna ná as aon earráidí sa mhodh inar cuireadh isteach é.
9. Tá an RO ag cur seirbhíse ar fáil i sab.ie a éascaíonn aistriú sonraí chuig an RO thar ceann an SAB, a ullmhaíodh ag táirgí nach soláthraíonn an RO. Ní thugann soláthar na seirbhíse seo le tuiscint
- go bhfaomhann an RO táirgí den sórt sin
- gur rogha linn táirgí den sórt sin seachas aon táirge eile cosúil leo nach soláthraíonn an fheidhmiúlacht chun sonraí a uaslódáil chuig an RO
- aon dliteanas ar thaobh na RO as cruinneas, fírinneacht agus iomláine na sonraí a ullmhaíonn na táirgí seo, as aon earráidí a eascraíonn as úsáid na dtáirgí seo nó as aon damáiste a eascraíonn as úsáid na dtáirgí seo.
10. Déanfaidh an custaiméir, ar chostas an chustaiméara féin, saoráidí a sholáthar agus a chothabháil a bheidh oiriúnach chun rochtain a fháil ar ár seirbhísí (mar a chuireann sab.ie in iúl don chustaiméir ó am go ham).